...
Other Galway events

Oíche Ólaíochta

Please note this venue is wheelchair accessible
Past event - 2024
13 May Doors open at 6.30pm
Event starts at 7pm
Ends at 9pm
The Hole in the Wall, 17 Eyre Street,
Galway H91 E8K8
Bígí linn chun foghlaim faoi thaighde nuálach ar ailse, agus faoi naisc idir dhátheangachas agus léamhthuiscint, idir scitsifréine agus ciotógacht, agus idir mata, lámhchleasaíocht agus ceol.

Join us to learn about innovations in cancer research, and the connections between reading and bilingualism, between schizophrenia and left-handedness, and between mathematics, juggling and music

An géanóm agus galar: ag forbairt cóireálacha níos éifeachtaí in aghaidh ailse fola

Micheál Ó Dálaigh (He/him) (Taighdeoir PhD, Ollscoil na Gaillimhe)
Forbraíonn ailse mar thoradh ar athruithe DNA. Sa taighde seo, imscrúdaímid na cealla ailseacha thar thréimhse an ghalair chun laigí na gceall a aithint agus chun cóireálacha níos dírithe a ghiniúnt.
...

Eolaíocht na léitheoireachta (i dhá theanga) - The science of reading (in two languages)

Ciara Egan (She/her) (Lecturer, University of Galway)
Is féidir le daoine dátheangacha níos mó ná teanga amháin a labhairt, a thuiscint, agus a léamh. Ach an mbaineann siad úsáid as na próisis chéanna sa dá theanga? Díríonn an tionscadal seo ar stíl léitheoireachta daoine dátheangacha Breatnaise-Béarla sna dá theanga.

Fluent bilinguals can speak, understand, and read in more than one language. But is the way in which they read the same across languages? This project focuses on Welsh-English bilinguals reading style across their two languages.
...

Conas an bua a fháil in iomaíocht armála na héabhlóide

Cathal Seoighe (He/him) (Professor of Bioinformatics, University of Galway)
Tá fadhb ar leith againn mar neacha móra ilcheallacha: le hadmháil na fírinne, níl muid ró-iontach nuair a thagann sé go cluiche cinniúnach na héabhlóide. Is minic rudaí beo in iomaíocht le chéile. Beirtear an patachán (giorria óg) gan aon bholadh, ach tá an sionnach glic agus tá cluasa géara aige. I measc na rudaí a bhíonn tionchar acu ar cé aige a mbíonn an bua i rás seo na héabhlóide tá tábhacht ar leith ag baint le chomh mór is atá an daonra. Bíonn ardchumas éabhlóide ag speicis le daonra móra. Is ansin atá an fhadhb dúinne mar neacha móra ilcheallacha - níl an daonra atá againn baol ar chomh mór is atá daonra na neacha beaga bídeacha atá mórthimpeall orainn i gcónaí agus ar mhaith leo a bheith á gcothú féin orainn. Is minic do na baictéir, fungais agus ainmhithe beaga den uile chineál atá timpeall orainn a bheith an-líonnmhar ar fad. Sa chur i láthair seo déanfaidh mé plé ar an réiteach atá ag ainmhithe móra ar an bhfadhb bhunúsach seo, i bhfoirm na himdhíonachta oiriúnaithí. Beidh trácht, chomh maith, ar na cosúlachtaí atá idir smacht a choinneáil ar phataiginí agus cosc a chur ar ailse agus na himpleachtaí atá ag an dul chun cinn eolaíochta atá á dhéanamh faoi láthair maidir leis seo ó thaobh straitéisí nua atá á bhforbairt chun dul i ngleic le hailse.
...

Labhairt na Lámha

Sile Ní Mhurchú (She/her) (Former Master's Student, University of Galway)
Na héifeachtaí atá ag scitsifréine, ciotógacht, agus cumas teanga ar bhánábhar na hinchinne
...

Cur síos matamaiticiúil ar an lámhchleasaíocht

Joe McGinley ( Innealtóir)
Cur síos ar naisc idir mata, ceol, agus lámhchleasaíocht, le taispeántas beag.
...
Map data © OpenStreetMap contributors.

Other The Hole in the Wall events

2024-05-14 Snakes, Stingers, & Amazing Adaptations (ISL Supported) The Hole in the Wall 17 Eyre Street, Galway, H91 E8K8, Ireland
2024-05-15 Wild Atlantic Waters The Hole in the Wall 17 Eyre Street, Galway, H91 E8K8, Ireland
15 May
Galway
Sold Out!
...

Wild Atlantic Waters

Cork2019 Fossil