Other Connemara events

Oíche Ólaíochta

Thu 21 May Doors 7:00 pm
Event 7:30 pm to 9:30 pm
Tigh Chualáin Bar and Guest House, Indreabhán, H91 P654 ,
Connemara H91 P654
Tickets Price Qty
Standard Free
Donation Keep Pint of
Science going

Tickets remaining: 35

Reáchtálfar an Oíche Ólaíochta trí Ghaeilge. Foghlaim faoi iontaofacht mhonatóireacht brú fola, glac páirt i dturgnamh pórtar, foghlaim faoi taighde aeráide atá ar bun i gConamara ó 1958, agus tuilleadh! Ní gá a bheith líofa nó cúlra san eolaíocht a bheith agat - fáilte roimh chách!

Irish-language event; learn about the reliability of blood pressure monitoring, take part in a porter experiment, learn about climate research underway in Connemara since 1958, and more! No need for fluency or scientific background - all welcome!

Tomhas Tábhachtach: Am-i-Raon Brú Fola

Autumn Johnson (Postdoctoral Researcher)
Déanann am-i-raon cur síos ar an gcéatadán ama a fhanann brú fola duine laistigh de raon shláintiúil, agus tá céatadán níos airde bainteach le rioscaí níos ísle báis, galar croí, agus cliseadh croí. Go hidéalach, ríomhfaí é mar chodán simplí den am laistigh den raon, ach, is gnách go ndéantar brú fola a thomhas go tréimhsiúil le cufa. Mar thoradh, déanann cliniceoirí meastachán ar an mbrú fola idir léamha, ag cailleadh luaineachtaí tábhachtacha. D’fhéadfadh monatóireacht leanúnach iontaofa, neamhionrach an bhearna seo a líonadh, rud a chuirfeadh ar chumas measúnú níos cruinne ar bhrú fola.

Time-in-Range describes the percentage of time a person’s blood pressure remains within a healthy range, and a higher percentage is associated with lower risks of death, heart disease, and heart failure. Ideally, it would be calculated as a simple fraction of time within range, but blood pressure is typically measured periodically with a cuff. As a result, clinicians estimate blood pressure between readings, missing important fluctuations. Reliable, noninvasive, continuous monitoring could fill this gap, enabling more accurate assessment of blood pressure.
...

Ronald Fisher, tae agus pórtar

Cathal Seoighe (Professor of Bioinformatics)
Tá scéal cáiliúil sna staitisticí faoi bhean ag blaiseadh tae. Mhaígh Muriel Bristol go raibh sí in ann a rá ón mblas arbh é gur cuireadh an tae nó an bainne isteach sa gcupán i dtosach. Chun é seo a thástáil tugadh 8 gcupán tae di (4 chinn de gach cineál) in ord randamach le féachaint an raibh sí in ann an difríocht a dhéanamh amach. Sa gcaint seo beimid ag déanamh an rud céanna le pórtar straight-pour agus gnáth-pour le féachaint an bhfuil an lucht féachana in ann an difríocht a dhéanamh amach, agus beimid ag caint faoi thástáil hipitéise agus a ról i réimse na géanómaíochta ar an mbealach.

There is a famous story in statistics about a woman tasting tea. Muriel Bristol claimed she could tell from the taste whether the tea or the milk had been poured into the cup first. To test this, she was given 8 cups of tea (4 of each type) in random order to see if she could distinguish between them. In this talk, we will do the same with straight-pour and regular-pour porter to see whether the audience can tell the difference, and we will discuss hypothesis testing and its role in genomics along the way.
...

Fisic an Aeir / Géarchéim Aithinteais l’obair ildánach

Liz Coleman (Lecturer Physics)
Lonnaithe i gcroílár Conamara, tá saotharlann atmaisféarach Ceann Mhása ag déanamh tomhais ar an atmaisféar ó 1958, ag breathnú ar an gcaoi atá an t-aer ag athrú, cén cúis leis na hathruithe seo, agus an tionchar ar an aeráid, an timpeallacht agus ar an tsláinte. Labhróidh Liz faoin obair a bhíonn ar siúl i gCeann Mhása, agus an fhorbairt don tsaotharlann ó stáisiún faire ó WW2 go dtí ceann de na saotharlanna atmaisféar is sofaisticiúla ar domhain. Labhróidh Liz freisin faoi dhúshlán agus féidearthachtaí atá ann le bheith ag obair le taighdeoirí trasna na disciplíní ar son caomhnú timpeallachta agus maolú athrú aeráide.

Located in the heart of Connemara, the atmospheric research station at Ceann Mhása has been measuring the atmosphere since 1958, examining how the air is changing, what is causing these changes, and their impact on climate, the environment, and health. Liz will speak about the work carried out at Ceann Mhása, and the development of the laboratory from a World War II observation station into one of the most sophisticated atmospheric research facilities in the world. Liz will also discuss the challenges and opportunities involved in working with researchers across disciplines to support environmental protection and climate change mitigation.
...

Scéalta ón bhFarraige: Eolaíocht, Éisc agus Daoine

Macdara Ó Cuaig (Fisheries Scientist)
Is muireolaí as Conamara é Macdara Ó Cuaig a bhfuil breis agus fiche bliain caite aige ag obair le Foras na Mara agus le pobail chósta na hÉireann. Le linn an ama sin, tá taithí fhairsing bainte amach aige ar shaol na farraige, idir obair phraiticiúil ar muir agus obair eolaíochta. Sa chaint seo, roinnfidh sé léargais ar a chuid oibre agus ar an gcaoi a dtagann eolaíocht, taithí agus eolas áitiúil le chéile chun tuiscint níos fearr a fháil ar an bhfarraige agus ar ár n-acmhainní mara. Labhróidh sé freisin faoin tábhacht a bhaineann le cultúr agus oidhreacht chósta na hÉireann, agus an ceangal leanúnach idir daoine agus an fharraige.

Foras na Mara marine biologist Macdara Ó Cuaig is from Connemara and has spent over twenty years working with the Marine Institute and coastal communities across Ireland. During this time, he has gained extensive experience of life at sea, combining practical work on the water with scientific research. In this talk, he will share insights from his work and explore how science, experience, and local knowledge come together to build a deeper understanding of the sea and our marine resources. He will also discuss the importance of Ireland’s coastal culture and heritage, and the enduring connection between people and the sea.
...
Map data © OpenStreetMap contributors.